FÓGRA POIST OIFIGEACH PLEANÁLA TEANGA IN INIS OÍRR

  • Galway
  • Advertiser.ie
Additional Info: Fógra PoistOifigeach Pleanála Teanga in Inis OírrTeastaíonn Oifigeach Pleanála Teanga in Inis Oírr. Conradh trí bliana a bheas ann. Beidh an té a cheapfarfostaithe ag Comhar Caomhán Teo (comharchumann Inis Oírr) agus freagrach as clár oibre a chur i bhfeidhm,faoi threoir na ceanneagraíochta sin.Tá Inis Oírr ar cheann de na hoileáin is rathúla agus ar cheann de na ceantair Ghaeltachta is láidre sa tír. Is cuid dár bhfís go mairfidh an Ghaeilge mar ghnáth-theanga an oileáin, agus go mbeidh gasúir Inis Oírr ag fás aníosina gcainteoirí dúchasacha, iad bródúil as a dteanga chianaosta agus fonn orthu í a labhairt go paiteanta mar urlabhra nua-aimseartha.Tá bunchloch an Phlean Teanga leagtha síos le dhá bhliain anuas. Tá a lán tograí spéisiúla idir lámha faoiláthair, ina measc ranganna Gaeilge, scéim “Gaelchara”, cúrsa réamhbhreithe, aip don oileán (i nGaeilge gopríomha), cumann drámaíochta, ranganna damhsa agus amhránaíochta, agus féilte pobail. Tá dea-thoil sabpobal agus tá sí ag láidriú i gcónaí.Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil an taithí agus na cáilíochtaí seo a leanas acu:Riachtanais• Ardchaighdeán Gaeilge, idir labhartha agus scríofa• Tuiscint agus taithí mhaith ar chúrsaí pleanála teanga, ar fhorbairt pobail agus ar phlé le coistí/struchtúir phobail• Taithí i mbainistiú agus i gcur i gcrích tionscadal• Scileanna maithe cumarsáide, áisitheoireachta, agus comhordaithe• Taithí ar fhoireann oibre a bhainistiú• Eolas agus taithí ar bhainistiú airgeadais• A bheith sásta glacadh le uaireanta oibre neamh-shóisialta ó am go chéile Buntáiste• Cáilíocht tríú leibhéal sa réimse pleanála teanga nó in ábhar gaolmharBeidh tuarastal idir €36,450 - €51,750 ag dul leis an bpost seo.Is féidir é a roinnt le duine eile agus a bheith ag obair páirtaimseartha freisin.Seol CV agus litir chumhdaigh ar ríomhphost chuig bainisteoir@discoverinisoirr.com roimh5in Dé Céadaoin 7 Lúnasa 2024Tá cóip den phlean teanga reatha agus tuilleadh eolais ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le Comhar CaomhánTeo. Ullmhaíodh an plean mar chuid den phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht agus i gcomhréir leforálacha Acht na Gaeltachta, 2012. Tá plean teanga amháin ann d’Oileáin Árann. Tá Oifigeach Pleanála Teanga lonnaithe ar gach oileán agus tá sé/sí freagrach as bearta an phlean teanga a chur i bhfeidhm ar an oileán sin. Bíonn comhoibriú idir na trí oileáin ann i gcónaí. Is plean seacht mbliana atá i gceist a bhfuil d’aidhm aige cur leis an líon cainteoirí laethúla Gaeilge san Limistéir Pleanála Teanga. Beidh an tOifigeachPleanála Teanga freagrach don cheanneagraíocht Comhar Caomhán. Is ar an eagraíocht sin atá an phríomhfhreagracht an plean teanga a chur i bhfeidhm.